Tá an caighdeán maireachtála i bPoblacht na hÉireann níos airde ná mar atá sé sa Tuaisceart, de réir tuarascáil a d'fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta inniu.
Go deimhin, tá bonn níos láidre trí chéile faoin gcuid is mó den gheilleagar eacnamaíochta agus sóisialta sa Phoblacht ná mar atá sa Tuaisceart, a deirtear sa staidéar a choimisiúnaigh Aonad an Oileáin Chomhroinnte i Roinn an Taoisigh.
Tá baint ag an scéal leis an líon mór inimirceach atá tagtha chun na Poblachta le roinnt blianta agus leis an bhfás gasta atá tagtha ar an ngeilleagar ann dá réir.
Bainteach leis chomh maith, a deirtear, tá imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.
Léiríonn na figiúirí an bhearna shuntasach idir an dá dhlínse. Sa Phoblacht, le hais an Tuaiscirt, tá an ráta pá in aghaidh na huaire 36% níos airde; tá ioncam indiúscartha an ghnáth-theaghlaigh 18.3% níos airde, bíodh is go bhfuil cáin ioncaim níos airde freisin; agus tá táirgiúlacht saothair 250% níos airde.
Is 25.3% den lucht saothair sa Phoblacht atá ag obair san earnáil phoiblí, ar ghualainn 29.2% sa Tuaisceart.
Sa Phoblacht, caitear 26.3% de chaiteachas iomlán an rialtais ar na seirbhísí sláinte, i gcomparáid le 17.3% sa Tuaisceart, agus maireann daoine sna sé chontae is fiche dhá bhliain níos faide ná daoine sna sé chontae.
Ina cheann sin, tá níos mó daoine i ngach aoisghrúpa ar an taobh ó dheas den teorainn ag déanamh cúrsa oideachais.
Is díol mór imní é, a deirtear sa tuarascáil, nach bhfuil 30% de dhaoine óga idir 15 agus 19 bliain d'aois ar an taobh ó thuaidh den teorainn, nach bhfuil siad ag fáil oideachas foirmiúil ar bith agus gur ag dul i ndonacht atá an scéal.
Os a choinne sin ar fad, agus ní beag é, tugtar le fios sa staidéar gur táirgiúla ó thuaidh ná ó dheas na hearnálacha tógála, talmhaíochta, foraoiseachta agus iascaireachta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ