Luach €15.6 billiún a bhí sna táirgí cógaisíochta a heaspórtáladh as an tír seo i mí Feabhra i mbliana, i gcomórtas le €9.2 billiún i mí Feabhra anuraidh, de réir réamhfhigiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.
B'in méadú de 145.7% in imeacht bliana agus sciar 63.2% den líon iomlán earraí a heaspórtáladh as Éirinn i mí Feabhra 2025.
Is solaoid é freisin ar thábhacht na hearnála cógaisíochta in Éirinn agus ar an dochar a dhéanfadh taraifí don earnáil sin agus don gheilleagar trí chéile.
Léiríonn na réamhfhigiúirí chomh maith go raibh luach €12.9 billiún sna hearraí a cheannaigh na Stáit Aontaithe ón tír seo i mí Feabhra i mbliana, i gcomórtas le €4.2 billiún i mí Feabhra anuraidh, ar méadú de 210.5% é sin in imeacht bliana.
Ba sciar 52.5% é den líon iomlán earraí a heaspórtáladh as Éirinn i mí Feabhra 2025, le hais 26.1% sa mhí chéanna anuraidh.
Is minic é ráite ag eacnamaithe, áfach, go bhfuilimidne in Éirinn ag brath an iomarca ar cháin chorparáideach ó chomhlachtaí ilnáisiúnta fearacht na gcomhlachtaí cógaisíochta.
Deir siad go bhfuil an baol ann i gcónaí go mbainfear an bonn den Státchiste gan choinne mar gheall ar an spleáchas éagothrom sin.
Agus taraifí Trump os ár gcionn, táthar imníoch anois go dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ