Tugadh fear 57 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Chora Droma Rúisc i gCo Liatroma tráthnóna inniu agus é cúsitithe i ndíobháil thromchúiseach a dhéanamh d'aon ghnó nó go meargánta d'fhear sna seascaidí a bhásaigh i gCo Dhún na nGall arú inné.
Fuarthas Eddie Friel gan mheabhair gan arann ina theach cónaithe i gCéide Radharc an Chuain sna Cealla Beaga tráthnóna Dé Domhnaigh agus d'éag sé ansin go gairid ina dhiaidh sin.
Is é James Spendley as Cnoc Chuimín sna Cealla Beaga an té a tugadh os comhair cúirte inniu.
Dúirt Garda sa chúirt nach ndúirt James Spendley aon ní nuair a rinneadh an cúiseamh air.
Ní dhearnadh aon iarratas ar bhannaí thar ceann an chúisí agus ceadaíodh saorchúnamh dlí dó.
Cuireadh James Spendley siar faoi choinneáil agus tá sé le teacht os comhair Chúirt Dúiche Shligigh ar nasc físe amárach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ