Tá os cionn 30 acra de choillearnach dhúchasach ar an Spidéal i gContae na Gaillimhe ceannaithe ag Iontaobhas na gCoillte Dúchasacha.
Tiocfaidh Coill Sheanadh Gharráin, ar bhruach thoir Abhainn an Bhoth Loiscthe, atá dhá chiliméadar ó thuaidh de bhaile an Spidéil faoi choimirce an Iontaobhais.
Tá sé i gceist go ndéanfaidh craobh nua áitiúil den Iontaobhas bainistiú ar an choillearnach seo i gcomhar le baill de Ghrúpa Oibre na Coille, fochoiste de Chumann Forbartha Chois Fharraige.
Meastar go bhfuil cuid den choill ársa sa mhéid go bhfuil roinnt mhaith crainn anseo le 400 bliain. Tá sí le feiceáil ar léarscáileanna an cheantair i dtús an ochtú céad déag.
Tá an tseamsóg, an tsailchuach agus an grán arcáin anseo chomh maith le sean chrainn darach, beitheanna óga agus crainn coll.
Dúirt Seathrún Ó Tuairisg, Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, go bhfuil tábhacht ar leith le Seanadh Gharráin de bharr chineál na speiceas seanchoillearnaí atá le fáil ann, mar an nead choille agus an muiléad coille.
"Tá meascán de chrainnte dúchasacha difriúla ag fás inti - tá go leor daracha móra ag fás; níos doimhne isteach sa choill feicfidh tú beitheanna agus sa tsraith talún ansin tá go leor cuilinn freisin."

Sampla maith an choill den rud ar a dtugtar foraois bháistí Atlantaigh.
"An rud is suntasaí faoin ngnáthóg sin go bhfuil sí an-fhliuch," a mhínigh Seathrún. "Titeann go leor báistí i gConamara - fiú amháin i lár an tsamhraidh bíonn an choill seo an-fhliuch agus taitníonn na coinníollacha sin le caonach, le raithneach agus le léicean. Tá speicis de na cineálacha plandaí sin ag fás anseo nach bhfaighfidh tú aon áit eile sa tír."
Cuireann an cineál seo coillearnaí carbóin os cionn na talún agus faoin dromchla agus tugann sí cosaint do speicis atá faoi bhagairt.
Níl ach 2% de limistéir foraoise na hÉireann ar choillearnach dhúchasach í agus ní dhéantar cosaint ná bainistiú caomhnaithe ar an chuid is mó di.

"Is móinteach nó criathrach í ach feiceann muid cheana féin go bhfuil sí ag leathnú – daracha, beitheanna agus saileacha óg ag fás agus ag scaipeadh ó thuaidh agus ó dheas. Mar sin tá deis iontach againn scaoileadh leis an gcoill seo leathnú amach ach ligean de sin tarlú go nádúrtha."
Deir Seathrún go gcaithfear tabhairt faoi chaomhnú na coille go cúramach:
"Is coill fhiáin í seo ach d'fhéadfá a rá freisin nach bhfuil tada fiáin in Éirinn níos mó - tá lámh an duine beagnach ar gach rud, agus caithfimid a bheith an chúramach agus muid ag bainistiú na coille nach ndéanfaimid aon cheo i ngan fhios dhúinn féin a dhéanfas dochar den choill."

Ba mhaith le hIontaobhas na gCoillte Dúchasacha go mbeadh an pobal páirteach i mbainistiú agus i gcaomhnú na coille.
"Is faoin chraobh nua den Iontaobhas atá bunaithe sa cheantar a bheidh sé an choill a bhainistiú, agus beidh fáilte roimh an phobal ballraíocht a ghlacadh sa gcraobh agus cabhrú linn aire a thabhairt don choill."
Mhínigh sé nach mbeidh fáil i gcónaí ag daoine ar an choill de bharr go bhfuil sí fiáin:
"Tá sí leochailleach agus fiáin, ach beidh súil againn daoine a scaoileadh isteach ar bhealach a bheidh muid in ann a bhainistiú."

Tá súil ag an Iontaobhas coill phobail a chur ag fás i gCois Fharraige agus mar chuid de sin beidh siad ag cuardach síolta i gCoill Sheanadh Gharráin le cur sa choill nua. Déanfar seo le cead ó Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.
"An rud atá tábhachtach faoin gcoill seo ní amháin go bhfuil na crainnte anseo dúchasach ach tá siad áitiúil freisin agus má tá muid ag iarraidh crainnte a chur in aon áit eile i gConamara, is fearr go dtógfadh muid síolta ó na crainn atá ag fás sa gceantar mar gur iad atá in oiriúint don aeráid anseo."
Déanfar suirbhé iomlán eiceolaíochta agus comhshaoil ar an suíomh i dtús báire sula dtabharfar faoi phlean bainistithe athdhúlraithe sa choill.
Tá a dtacaíocht tugtha ag Comhairlí Chontae agus Chathair na Gaillimhe don tionscnamh seo i Seanadh Gharráin.