Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Na sluaite chun triall ar Thuama an Phápa Proinsias

27 AIBREÁN 2025, 08:23

Na mílte ag faire a shochraid inné
X Facebook

Tuigtear go mbeidh na sluaite ar maidin inniu ag triall ar Thuama an Phápa Proinsias i mBaisleach Santa Maria Maggiore sa Róimh.

D'fhreastal na mílte ar a shochraid inné agus cuireadh é le linn seirbhís phríobháideach.

Deir an Vatacáin go raibh os cionn 400,000 duine i láthair do sheirbhís na sochraide i gCearnóg Naomh Peadar agus ar shráideanna na Róimhe.

Ó shin i leith tá tús curtha le 9 lá dobróin.

I ndiaidh na tréimhse ama sin tiocfaidh na cairdinéil ar fad le chéile agus cuirfear tús le próiseas chun an chéad Phápa eile a thoghadh.

Ceaptar go dtarlóidh sé sin idir an 6-11 Bealtaine.