Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

11 marbh le linn cheiliúradh ar fhéile i gCaenada

27 AIBREÁN 2025, 21:50

Tharla an marú seo ag féile sráide
X Facebook

Tá a fhios anois go bhfuil 11 duine ar a laghad marbh de bharr eachtra a tharla ag féile sráide i gCaenada.

Gortaíodh na scórtha eile nuair a thiomáin carr isteach i slua tráthnóna inné le linn cheiliúradh Lapu Lapu i gcathair Vancouver.

Féile í seo a bhíonn ag an bpobal Filipíneach thall ansin agus bhí sí á reachtáil i mbruachbhaile Sunset on Fraser.

Ghabh na póilíní tiománaí an chairr, fear sna tríochaidí ó Vancouver agus tá seisean á choinneáil faoi láthair.

Deir na póilíní nach dóigh leo gur eachtra eagraithe sceimhlitheoireachta a bhí ann.

Tá a chomhbhrón curtha in iúl ag Príomh-Aire Chaenada, Mark Carney i dteachtaireacht a sheol sé ar X.