Deir mílisteoirí Hamas go bhfuil sé faoi réir lena bhfuil de ghialla á gcoinneáil aige le bliain go leith i Gaza a scaoileadh saor ar mhaithe le deireadh a chur le cogaíocht ansin.
Bhí cruinniú i gcathair Chaireo san Éigipt inné ag toscaireacht ó Hamas le idirghabhálaithe ón Éigipt.
Deir Hamas go bhféadfadh sé an tsíochán a bhuanú sa réigiún go ceann 5 bliana má ghlactar leis na moltaí atá á gcur chun cinn ag an ghrúpa faoi láthair.
Tá an bhagairt déanta ag na Náisiúin Aontaithe nach mórán eile soláthairtí bia agus leighis atá ann i Gaza de thoradh an imshuí atá i bhfeidhm ag Rialtas Iosrael ansin le 2 mhí anois.