Tá ráitis atá curtha i leith an bhanna ceoil 'rap' ó Bhéal Feirste, 'Kneecap' á measúnú anois ag póilíní ón aonad frith-sceimhlitheoireachta sa Bhreatain.
Tá na póilíní ag breathnú ar fhíseán anois lena dhéanamh amach céard go baileach a dúirt an banna faoi fheisirí parlaiminte na gCaomhach le linn na ceolchoirme a bhí aige i mí na Samhna 2023.
Deirtear gur iarr an banna ag tráth amháin gach a raibh ann de fheisirí na dTóraithe sa Bhreatain a mharú agus gur faoin bhfód an t-aon fhiúntas a bhí le haon pholaiteoir dá gcuid.

Tá físeán á scrúdú freisin ag póilíní i dtaca le ceolchoirm i Coachella i Sasana a bhí ag 'Kneecap' leathbhliain ó shin inar léirigh an banna tacaíocht láidir do threallchogaithe Hamas agus Hezbollah.
Níl sé ach seachtain ó shin ó tarraingíodh conspóid eile i bhfianaise an bhealaigh a ndeirtear a d'iompar an banna iad féin ag ceolchoirm sna Stáit Aontaithe.
Deirtear gur cháin sé Iosrael go láidir ag an gceolchoirm sin i California.
Tá na víosaí Meiriceánacha a bronnadh ar an mbanna curtha ar neamhní anois.
Mura dtoilíonn Rialtas Mheiriceá a intinn a athrú anois ciallaíonn seo nach mbeidh ar chumas an bhanna dul ar a chamchuairt sa tír sin níos deireanaí i mbliana.