Tá sé ina cheiliúradh i gcathair Learphoill i Sasana ó thráthnóna.
Níl Bealtaine baileach linn fós ach tá éirithe le foireann sacair Liverpool FC an comórtas sraithe i Sasana a bhuachan.
Tá roinnt cluichí sraithe fós fanta, ach tá Liverpool chomh fada chun cinn anois nach mbéarfar orthu idir seo agus ceann scríbe.
Ní raibh ag teastáil uathu inniu ach pointe amháin sraithe; chroch siad leo na trí cinn a bhuíochas dá mbua 5-1 sa mbaile in Anfield ar na céillí comhraic,Tottenham Hotspur.

Is iad Liverpool anois curaithe na sraithe don 20ú uair, an curiarracht á roinnt acu le Manchester United.
Is é an dara huair acu ag buachan Sraith na Príomhroinne.
An uair dheiridh ab ea 2020 ach chiallaigh srianta Covid ag an am nach bhféadfadh an slua bailiú.
Táim cinnte go dtabharfaidh siad isteach a mbris sa cheiliúradh i mbliana.
Is é Arne Slot ón Ísiltír bainisteoir na foirne, an chéad uair riamh ar éirigh le fear ón tír sin foireann i Sasana a bhainistiú i dtreo bhuachan na sraithe.
Tháinig seisean i gcomharbacht an séasúr seo ar an nGearmánach,Jurgen Klopp, fear eile a chuaigh i gcion ar lucht leanúna na foirne nó'n Kop mar a ghlaoitear orthu go ceanúil.
Is mór i gceist éachtaí Liverpool i stair na gcomórtas éagsúla i Sasana.
Tugtar aird ar leith ar an gcaoi ar éirigh leo sraitheanna a bhuachan sna seachtóidí agus sna hochtóidí agus iad faoi stiúradh Bill Shankly,Bob Paisley,Joe Fagan agus Kenny Dalglish ag tráthanna éagsúla.

Bhí gorta mór ansin áfach idir 1991-2020 ó thaobh bhuachan na sraithe dhe.
Ach dearmadaítear tréimhse mhór na hanachaine sin inniu.
Ar deiridh bhailigh imreoirí agus slua sceitímeach le chéile agus chuir a gcuid scamhóg amach lena gcantaireacht ar an amhrán sin a luaitear go láidir le ceantar Merseyside, 'You'll never walk alone'.
Deireadh seachtaine mór sacair a bhí ann idir Phríomhroinn agus Chorn an FA, inar imríodh leathchraobh an chomórtais sin i Wembley.

Ba le Crystal Palace an chéad chluiche inné, iad ag buachan ar Aston Villa 3-0.
Tráthnóna inniu d'éirigh le Manchester City an ceann is fearr a fháil ar Notts Forest 2-0 sa leathchraobh eile.