D'éirigh leis an Mhí an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha Cliath i leathchraobh peile Laighean.
Den chéad uair ó 2010 buaileadh na 'Dubs' i gcluiche craoibhe laistigh den chúige agus tá 15 craobh i ndiaidh a chéile ceilte anois ar fhir Dessie Farrell.
Bhí na 'Dubs' ag teacht ar ais go tréan i bPort Laoise tráthnóna.
Ach bhí an Mhí docht daingean agus meáite ar a chinntiú nach rachadh Baile Átha Cliath chun cinn..
As a dheiridh, den chéad uair i gCraobh Peile Laighean ó 2010, tá Baile Átha Cliath buailte.

B'iad an Mhí a bhuail iad an bhliain sin, tá an cleas céanna déanta ag an chontae ríoga inniu.
Bhí an Mhí chun cinn orthu 0-17 le 0-05 agus muid ag leath-am.
Ach le cabhair na gaoithe tháinig Baile Átha Cliath ar ais sa dara leath.
Choinnigh an Mhí amach iad an oiread agus ab fhéidir áfach.
Cé nár scóráil buachaillí Cholm O'Rourke ach 5 phointe sa dara tréimhse imeartha, rinne siad a ndóthain le fanacht chun cinn ag buachan ar deiridh 0-22 le 1-16.
I gCluain Eois, d'imir an Dún go maith ach bhí Dún na nGall níos fearr fós agus iad 1-19 le 0-16 chun cinn i leathchraobh peile Uladh ag an deiridh.

Chaill an Dún 2 sheans ghlórmhara ar chúil sa dara leath.
Ach is iad Dún na nGall atá i gCraobh Uladh in aghaidh Ard Mhacha anois faoi cheann coicíse.
Bhuail Ard Mhacha Tír Eoghain leis an bhfarasbarr ba lú inné.
Imreoidh an Lú i gcoinne na Mí i gCraobhchluiche Peile Laighean.
Gaillimh agus Maigh Eo a dhéanfaidh an comhrac mór peile i gConnacht an deireadh seachtaine seo chugainn agus casfaidh Ciarraí ar an gClár sa gcluiche craoibhe peile i gCúige Mumhan.
Nach gearr uainn cluiche craoibhe peile na hÉireann ag an tráth seo.