Tá mórchiorrú leicteachais sa Spáinn, sa Phortaingéil agus i ndeisceart na Fraince as ag cur as do na milliún daoine ar fud na leithinse.
Nil raibh sé soiléir céard ba chúis leis an gciorrú, ach deir an comhlacht Red Electrica na Spáinne go bhfuil roinnt ceantar sa deisceart agus sa tuaisceart ceangailte den ghréasán arís
Tá cruinniú mullaigh éigeandála á ghairm ag Rialtas na Spáinne leis an gcomhlacht Red Electrica féachaint céard a tharla.
Deir an t-údarás aerfort AENA gur chuir an ciorrú as d'eitiltí in áiteanna ach go bhfuil gineadóidí cúltaca ag feidmhniú mar a bhéifí ag súil leis.
Níl aon seirbhís traenach á chur chun bealaigh ag RENFE, an comhlacht náisiúnta iarnróid, de bharr an 'chiorrú náisiúnta' ar 12.30.
Tuairiscítear go bhfuil daoine á aslonnú ó chóras Metro Mhadrid.
Ina theannta sin, níl na soilse tráchta ag obair i gcathracha ar fud na Spáinne agus na Portaingéile, agus tá cúrsai tráchta ansiúd in aimhréidh.