Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ceolchoirm Kneecap ag Seisiúin Eden sa Bhreatain curtha ar ceal

29 AIBREÁN 2025, 17:58

Ní thacaíonn Kneecap le Hamas ná Hezbollah, a deir siad
X Facebook

Tá soiléiriú tugtha ag an mbanna ceoil as Béal Feirste Kneecap maidir lena seasamh i dtaca le Hamas agus Hezbollah.

I ráiteas a d'fhoilsigh an banna ceoil rap ar an ardán X, dúirt siad nach dtacaíonn siad agus níor thacaigh siad riamh le ceachtar don dá eagraíocht, Hamas ná Hezbollah.

Tagann an ráiteas sna sála ar an scéal go bhfuil fiosrúchán ar bun ag póilíní frith-sceimhlitheoireachta na Breataine maidir le dhá fhíseán a d'eascair as ceolchoirmeacha de chuid an bhanna ceoil, ceann amháin a bhaineann le ceoilchoirm i Mí na Samhna 2023 agus ceann eile ó cheoilchoirm a bhí ar siúl i Mí na Samhna 2024.

Bhí líomhaintí déanta gur iarr an banna ceoil go marófaí Feisirí Parlaiminte i bhfíseán amháin agus go raibh siad ag léiriú tacaíochta do Hamas agus Hezbollah sa bhfíseán eile.

Ina ráiteas deir Kneepcap go gcáineann siad aon ionsaí a dhéantar ar shibhialtaigh. Deir siad nach bhfuil sé seo ceart go leor agus go gtuigeann siad é seo níos mó ná aon duine eile, i bhfianaise stair na tíre.

Diúltaíonn siad do thuairimíocht go ndéanfadh siad foréigean a chothú i gcoinne aon fheisire nó duine, riamh, a deir siad.

Maíonn Kneecap go bhfuil an méid atá sna físeáin tógtha as comhthéacs go hiomlán.

Ghabh an banna ceoil leithscéal le teaghlaigh na bhfeisirí Jo Cox agus Sir David Amess a dúnmharaíodh, ag rá nach raibh sé i gceist acu riamh iad a ghortú.

Is coir atá ann sa Bhreatain tacaíocht a léiriú do Hamas agus Hezbollah.

Tá fáilte curtha ag an dTánaiste Simon Harris roimh an soileiriú ó Kneecap ach dúirt urlabhraí do Rialtas na Ríochta Aontaithe gur lagiarracht a bhí ráiteas agus gur leithscéal fuarbhruite atá ann ón mbanna ceoil.

Idir an dá linn, tá achainí déanta ag ceannaire na bPáirtí Caomhach Kemi Badenoch go gcuirfí cosc ar an mbanna ceoil Kneecap.

Tá sé fógartha tráthnóna ag Seisiúin Eden Teoranta go bhfuil ceolchoirm de chuid Kneecap a bhí le bheith ar siúl ar an 4 Iúil, mar chuid do Sheisiúin Eden a reáchtáltar ar thaillte an Eden Project i gCorn na Breataine curtha ar ceal.