Chualathas ag cás Richard Satchwell, 58 bliain d'aois, atá ar a thriail as a bhean chéile a dhúnmharú in Eochaill, i gCorcaigh 8 mbliana ó shin go maíonn sé gur bhásaigh a bhean Tina Satchwell i ndiaidh di é a ionsaí le siséal agus gur chuir sé í in uaigh faoin staighre ina seomra suite ina dhiaidh sin.
Tá Richard Satchwell as Sráid Grattan in Eochaill ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú Tina Satchwell a bhí 45 bliain d'aois idir an 19 agus 20 Márta 2017.

Thug abhcóide an ionchúisimh, Geraldine Small, le fios don ngiúiré go raibh Tina agus Richard Satchwell pósta ar feadh 25 bliain.
Dúirt sí gur bean bheag ghalánta a bhí i Tina Satchwell agus go raibh an-grá aici do chúrsaí faisin agus don dá mhadra a bhí aici, go háirithe a chihuahua beag, Ruby.

Ar an 24 Márta 2017, chuaigh Richard Satchwell go dtí na Gardaí i Mainistir Fhear Maí agus dúirt sé leo go raibh Tina Satchwell ar iarraidh le 4 lá.
Dúirt sé go raibh sé i nDún Garbhán ag triall ar roinnt earraí agus nuair a tháinig sé abhaile an tráthnóna sin go raibh Tina Satchwell imithe.
Mhaígh sé gur thóg sí dhá chás léi chomh maith le €26,000 in airgead taisce a bhí i bhfolach i mbosca san áiléar. Mhaígh sé gur d'fhág Tina é toisc go raibh a gcaidreamh imithe in olcas agus go raibh sí in ann a bheith foréigneach.
Dúirt sé nach raibh sé buartha fuithi agus go raibh a cuid eochracha, a guthán agus a cuid madraí fágtha ina diaidh aici.
Cuardaíodh an teach ar shráid Grattan in Eochaill i Mí an Mheithimh 2017 agus úrghabhadh gairis leictreonacha. Cuardaíodh calafoirt, aerfoirt, cois cósta agus coillte in iarracht teacht ar Tina Satchwell.

Dúirt an t-ionchúiseamh gur chloí Richard Satchwell leis an scéal céanna in agallaimh a rinne sé le Gardaí agus leis na meáin. Ach dúirt Geraldine Small gur tháinig neamhréireanna chun cinn ina scéal.
Dúirt sí gurb í an tuairim a bhí ag cuntasóir dlí-eolaíoch ná, nach mbeadh sé d'acmhainn ag Richard agus Tina Satchwell €26,000 a shábháil.
Léirigh físeán CCTV agus sonraí ó ghuthán Richard Satchwell, nach raibh sé i nDún Garbhán an mhaidin a mhaígh gur d'imigh Tina ar iarraidh, an 20 Márta.
Dúradh leis an gcúirt go mbíodh Richard agus Tina Satchwell ag freastal ar dhíolacháin as búit cairr go mion minic agus gur facthas Richard Satchwell ag díol éadaí a mhná céile agus a cuid bróg ag díolachán as búit cairr go gairid i ndiaidh di imeacht ar iarraidh.
Dúirt sé le daoine a labhair leis ann go raibh ionfhabhtú riosparáide ag cur isteach ar Tina agus go raibh sí imithe go Sasana chun cuairt a thabhairt ar a deirfiúr.
Ar an 10 Deireadh Fómhair, ghabh Gardaí Richard Satchwell agus cuireadh tús le dianchuardach i dteach na lánúine.

Chloí Richard Sathwell leis an scéal céanna a bhí aige ó thús aimsire ach níos déanaí ar an 11 Deireadh Fómhair, aimsíodh taisí Tina Satchwell sa teach.
Bhí sí clúdaithe le leathán dubh agus í curtha in uaigh faoin staighre sa seomra suite agus an uaigh clúdaithe le suimint. Ní raibh paiteolaí an Stáit in ann údar a báis a thabhairt.
Déanadh Richard Satchwell a ghabháil arís agus dúradh leis an ngiúiré gur athraigh a scéal.

Mhaígh sé go raibh sé taobh amuigh sa seid ar chúl an tí agus nuair a tháinig sé isteach go raibh a bhean chéile Tina ag bun an staighre, gléasta i róba folctha agus go raibh siséal ina lámh aici.
Mhaígh sé go raibh sí ag scríobadh phlástarchláir a bhí curtha in airde aige féin agus gur d'ionsaigh sí é leis an siséal nuair a cheistigh sé í faoi cad a bhí ar bun aici.
Thit sé ar an dtalamh a dúirt sé agus bhí sí anuas air ag iarraidh é a shá leis an siséal, a dúirt Richard Satchwell.
Dúirt Richard Satchwell go raibh sé ag iarraidh é fhéin a chosaint le crios a bhí cóngarach dá muineál agus gur úsáid sé an crios sin chun í choiméad uaidh. Dúirt sé gur thit Tina anuas ina ascaill agus í marbh.
Dúirt Richard Satchwell gur bhog sé corp a mhná céile isteach i reoiteoir sa seid dhá lá ina dhiaidh sin.
Dúirt sé gur thóg sé isteach ón reoiteoir í cúpla lá ina dhiaidh sin, go ndearna sé uaigh a thochailt, gur chuir sé leathán dubh mórthimpeall ar a corp, agus ansin gur chuir sé san uaigh faoin staighre í. Chuir Richard Satchwell suimint anuas ar an uaigh ina dhiaidh sin.
Meastar go mairfidh cás 5 Richard Satchwell seachtaine.