Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

8 mbliana faoi choinneáil do dhéagóir a sháigh séiplíneach

29 AIBREÁN 2025, 18:43

An tAthair Paul Murphy ag labhairt taobh amuigh den Chúirt inniu
X Facebook

Tá 10 mbliana faoi choinneáil le dhá bhliain ar fionraí, gearrtha ar dhéagóir seacht mbliana déag d'aois a rinne ionsaí scine ar shéiplíneach de chuid an airm ag Dún Uí Mhaoilíosa i gcathair na Gaillimhe anuraidh.

Phléadáil an buachaill ciontach in iarracht an tAthair Paul Murphy a dhúnmharú le scian ag beairicí na Rinne Móire i gcathair na Gaillimhe ar an 15 Lúnasa 2024.

Dúirt an Breitheamh Paul McDermott gur léirigh an cás an chontúirt a bhaineann le fáil a bheith ag páistí agus ag an sochaí trí chéile ar thuairimí antoisceacha ar an idirlíon.

Dúirt an Breitheamh go bhfuil fáil gan teorainn ag páistí ar shuíomhanna idirlín, rud a chiallaíonn gur féidir le dreamanna "nimh a scaipeadh i measc leanaí."

Níos luaithe an mhí seo phléadáil an gasúr atá seacht mbliana déag d'aois anois, nach féidir a ainmniú de bharr a aoise, ciontach as iarracht a dhéanamh an tAth. Paul Murphy a dhúnmharú ag Dún Uí Mhaoilíosa, sa Rinn Mhór ar an 15 Lúnasa anuraidh.

Bhí an séiplíneach airm ina shuí ag fanacht go ligfí isteach tríd gheata slándála na beairice é nuair a chuir an gasúr a bhí sé bliana déag d'aois san am forrán air. Nuair a d'ísligh an sagart fuinneog an chairr le labhairt leis, d'ionsaigh an déagóir é le scian sealgaire, arís is arís eile. Léirigh físeáin ó cheamaraí slándála gur choinnigh an gasúr greim ar thaobh an jíp fhad is bhí an fheithicil ag bogadh tríd gheataí na beairice agus gur lean sé ar aghaidh ag ionsaí an tsagairt.

Chualathas sa chúirt go raibh an gasúr go mór faoi anáil an ghrúpa an Stát Muslamach nó ISIS san am agus go dtáinig na Gardaí ar ábhar a bhí foréigneach ar a ríomhaire – ina measc físeáin de dícheannadh.

Sa Phríomhchúirt Choiriúil inniu dúirt an Breitheamh Paul McDermott go ndearnadh radacú ar an ghasúr i ndiaidh dó teacht faoi thionchar tuairimí antoisceacha ar an idirlíon. Níor chuidigh sé leis an bhuachaill go raibh sé ar an speictream uathachais, go mbíodh sé ag caitheamh cuid mhór ama leis féin agus go mbíodh sé goidte ar feadh tamaill fhada le suíomhanna idirlín áirithe.

Cé go mbeifí ag súil le méid áirid aibíochta ó bhuachaill sé bliana déag s'aois, dúirt an Breitheamh nach raibh an chríonnnacht ann leis na dearcaidh saoil a casadh air ar an idirlíon a thuiscint.

Dúirt an Breitheamh go raibh dearcadh a bhí "as a riocht" ag an bhuachail ar obair Óglaigh na hÉireann i Mailí agus gur shocraigh sé éiric a bhaint astu. Ba léir go raibh sé i gceist aige ball éigin de na fórsaí cosanta a mharú an oíche sin, a dúirt sé.

D'ordaigh an Breitheamh McDermott go gcoinneodh na húdaráis súil air ar feadh 3 bliana nuair as scaoilfear saor é. Caithfidh sé fosta cúrsaí a dhéanamh de réir mar a ordóidh an tseirbhís Probhaidh - cúrsa díradacaithe ina measc.

Taobh amuigh den chúirt dúirt an tAth. Murphy gur "furast an fuath a throid le tuilleadh fuatha agus gurb é an deireadh a bhíonn air sin go mbíonn an domhan daingnithe san fhuath, agus mar sin atá sé faoi láthair." Ach dúirt sé go gcaithfidh muid "freagairt don fhuath le grá. Tá súil agam go mbeidh an gasúr seo ábalt a shaol a chaitheamh ar bhealach níos fearr agus cuidiú leis an tsochaí nuair a scaoilfear saor é."

An tAthair Paul Murphy

Dúirt sé gur mian leis anois réiteach do oilithreacht na bhFórsaí Cosanta go Lourdes sula dtabharfaidh sé a aghaidh ansin ar an Liobáin ar feadh sé mhí

Sular tugadh an gasúr chun bealaigh inniu le cur faoi choinneáil, chaith an tAth. Murphy cúpla bomaite ag caint leis agus chroith sé lámh leis.