Deir muintir an deichniúr oibrithe Protastúnacha a maraíodh in ionsaí a rinne an tIRA i gContae Ard Mhacha i 1976 go gcruthaíonn tuarascáil Ombudsman na bPóilíní go raibh an ceart ag na teaghlaigh.
Dúirt na teaghlaigh inniu, nár fiosraíodh an t-ionsaí i gceart riamh ar mhaithe le foinsí eolais a chosaint.

Maraíodh an deichniúr oibrithe protastúnacha ar thaobh an bhóthair i Muileann Ching i gContae Ard Mhacha agus iad ar a mbealach abhaile óna gcuid oibre as An tSruthán in aice láimhe ar an 5 lá de mhí Eanáir 1976.
I ndiaidh fanacht fhada, fuair na teaghlaigh tuarascáil 100 leathanach ar maidin ó Ombudsman na bPóilíní a deir go raibh lochtanna móra ar an chéad fhiosrúchan a rinne na húdaráis faoin eachtra.
Dúirt a ndlíodóir, Barry O'Donnell, nár cheistigh na póilíní duine a raibh amhras faoi agus a bhíodh ag taisteal ar an mbus leis na fir de ghnáth, ach nach raibh ann an oíche sin.
Dúirt Karen Armstrong, ar maraíodh a deartháir John an oíche sin gur streachail a teaghlach go mór lena saol i ndiaidh a dhúnmharaithe.
I 2024 dúirt tuairisc an chróineara gur dáreag ball den IRA a bhí freagrach as an ionsaí.
Stop siad an veain ag ligean orthu féin gur pointe seiceála de chuid arm Shasana a bhí iontu, d'ordaigh siad na fir amach as an veain agus thosaigh an marú.
Is é Alan Black, an t-aon duine a tháinig slán as an ionsaí. Lig sé air féin gur marbh a bhí sé agus é lámhachta cúpla babhta. Dhá bhliain déag ó shin a rinne seisean gearán leis an Ombudsman.

Dúirt an tOmbudsman Marie Anderson go raibh srianta dlí curtha ag cás cúirte uirthi a ligfeadh di a rá go raibh claonpháirteachas i gceist le cosaint a thabhairt do bhrathadóirí.
Dúradh sa tuarascáil chomh maith gur theip ar na húdarais duine déag a ghabháil agus a cheistiú agus chomh maith leis sin, nach ndearna siad forbairt ar bith ar fhianaise a léirigh gur baineadh úsáid as na gunnaí céanna san ionsaí sin i Muileann Ching agus in ionsaithe eile. Deirtear leis nach dearnadh fiosrúchan ceart dlí eolaíoch ar fhianaise.