Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Comóradh déanta ag Trump ar a chéad 100 lá in oifig

30 AIBREÁN 2025, 11:55

Comóradh déanta ag Donald Trump ar a chéad 100 lá in oifig le slógadh i Michigan
X Facebook

Bhí slógadh i Michigan ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump inné leis an chéad 100 lá atá caite in oifig aige, ina dhara téarma mar Uachtarán, a cheiliúradh.

Sheas an tUachtarán Trump leis an méid a deir sé atá déanta aige go dtí seo agus mhaígh sé go bhfuil praghasanna laghdaithe dá bharr, go bhfuil infheistíocht mhór déanta sa gheilleagar agus go bhfuil meas ar Mheiriceá arís ar fud an domhain.

Dúirt an tUachtarán Trump gur éirigh níos fearr lena Rialtas sa chéad 100 lá acu in oifig ná mar a d'éirigh le aon Rialtas eile riamh i stair na Stát Aontaithe.

Dúirt an tUachtarán go bhfuiltear tar éis dul i ngleic le hinimirce neamhdhleathach, go bhfuiltear ag gearradh táillí trádála ar earraí a thagann isteach go Meiriceá agus go bhfuiltear ag gearradh siar ar oibrithe feidearálacha.

Idir an dá linn, tá foláireamh tugtha ag Státrúnaí Mheiriceá, Marco Rubio, go dtarraingeoidh na Stáit Aontaithe siar as a ról sna cainteanna idirghabhála idir an Rúis agus an Úcráin, muna gcuireann an dá thír pleananna praiticiúla i bhfeidhm chun deireadh a chur leis an gcogadh.