Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

"Fear uasal amach is amach ab ea an Garda Kevin Flatley"

12 BEALTAINE 2025, 10:31

An Garda Kevin Flatley agus cairde, Cumann Uí Dhuibhir
X Facebook

Tá Cumann Uí Dhuibhir, an cumann CLG i mBaile Brigín i dtuaisceart Átha Cliath lena raibh an Garda Kevin Flatley ina bhall, tar éis a rá gur "fear uasal amach is amach" a bhí ann a bhíodh seasta ag cuidiú le daoine.

Maraíodh an Garda Flatley (49) inné agus é ar dulagas tráchta nuair a bhuail gluaisrothar é ar an R132 i mBaile an Lóndaigh i dtuaisceart an chontae.

Tá an gluaisrothaí go han-dona tinn in Ospidéal Beaumont.

Tá Coimisinéir na nGardaí Drew Harris tar éis fógairt go mbeidh athbhreithniú iomlán ar bheartais sábháilteachta bóthair de bharr a bháis.

"Ba mhór an pléisiúr a bheith ina chuideachta agus bhíodh sé seasta ag tabhairt lámh chúnta. Oiliúnóir díograiseach a bhí ann i mbun fhoireann na gcailíní faoi 10 mbliana d'aois, é de shíor ag tabhairt ugach do na himreoirí le dearfacht agus le fuinneamh" a deir cathaoirleach Chumann Uí Dhuibhir Dave Rooney.

Tá an bheirt chailíní beaga a bhí ag an nGarda Flatley ar an bhfoireann sin.

"Bhí bealach álainn ag Kevin leis na gasúir ar fad agus bhíodh meangadh gáire i gcónaí air" a dúirt Dave Rooney.

"Tabharfaidh an cumann gach cúnamh dá bhean chéile Úna agus don teaghlach uilig" a dúirt sé.

"Comrádaí dil"

Tá dólás agus brón ar chomhaltaí Chumann Ionadaíochta na nGardaí a deir an Bleachtaire Niall Hodgins faoi bhás tobann "ár gcomrádaí dil".

"Comhghleacaí linn ar fad sna Gardaí a bhí ann agus cara iontach againn uilig" a dúirt an Bleachtaire Hodgins a dhéanann ionadaíocht ar Réigiún an Iarthuaiscirt san Ardchathair.

"Déanaimíd comhbhrón ó chroí lena bhean agus a chlann, agus lena chomhghleacaithe i Sráid an Phiarsaigh agus roimhe sin i mBaile Bhlainséir, agus go háirid lena chomhghleacaithe i Rannóg Gardaí na mBóithre."

Dúirt Niall Hodgins gur léiriú é an tubaiste ar an gcontúirt a bhaineann leis an dualgas a bhíonn ar Ghardaí lá i ndiaidh lae agus d'ímpigh sé ar éinne a bhfuil fianaise daischeamara acu a chuideodh leis an bhfiosrú a ghabháil i dteagmháil leis na Gardaí i Sórd Cholmcille nó ar an líne rúnda gutháin.