Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Caismirtí ar an mBaile Meánach tar éis éisteacht cúirte

10 MEITHEAMH 2025, 18:53

Lasadh tithe le linn na gcaismirtí sa Bhaile Meánach i gCo Aontroma aréir
X Facebook

Gortaíodh cúig phóilín déag nuair a caitheadh clocha, péint agus ábhar eile leo le linn caismirtí a tharla ar an mBaile Meánach i gCo Aontroma aréir.

Rinneadh damáiste freisin do thithe sa mhí-ord.

Tuairiscítear gur cuireadh dhá theach trí thine i gceantar Bhóthar Chluain Abhann agus gur briseadh fuinneoga i roinnt tithe eile.

Roimhe sin, ghlac na céadta daoine páirt i léirsiú in aghaidh na hinimirce i lár an bhaile tar éis do bheirt ógánach teacht os comhair cúirte i gCúil Raithin agus iarracht ar ionsaí gnéis a dhéanamh ar chailín curtha ina leith.

Ceithre bliana déag atá an bheirt bhuachaillí agus is le cúnamh ó ateangaire a héisteadh an cás.

Dúirt aturnae na beirte go mbeidís ag pléadáil neamhchiontach sa chúis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ