Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Deichniúr maraithe i scoil san Ostair ag iardhalta

10 MEITHEAMH 2025, 18:48

Ionsaí lámhaigh i scoil i gcathair Graz
X Facebook

Lámhachadh agus maraíodh deichniúr i meánscoil i gcathair Graz san Ostair ar maidin inniu.

An fear óg a bhí freagrach as an ionsaí lámhaigh, tá sé féin maraithe freisin. Is cosúil gur chuir sé lámh ina bhás féin.

Idir dhaltaí agus mhúinteoirí a maraíodh nuair a scaoil an fear gunna láimhe agus gránghunna le daoine in dhá sheomra ranga sa scoil ag thart ar 8 a chlog ar maidin.

Chomh maith leis na mairbh, gortaíodh aon duine dhéag eile freisin, cuid acu go dona.

Iarscoláire sa scoil a bhí sa té a rinne an t-ionsaí. Bhí sé 21 bliain d'aois.

Beidh trí lá dobróin náisiúnta san Ostair in ómós na ndaoine a maraíodh.

Tá comhbhrón déanta le muintir agus Rialtas na hOstaire ag ceannairí Eorpacha, an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris ina measc.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ