Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Bearta nua cíosa an Rialtais cáinte ag an bhfreasúra

10 MEITHEAMH 2025, 16:23

Bearta nua cíosa cosanta ag an Rialtas
X Facebook

Tá bearta nua cíosa an Rialtais cáinte ag an bhfreasúra a deir go dtugann siad deis do thiarnaí talún cíos a ardú go suntasach gach sé bliana.

Sa Dáil, dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach raibh aon ghlacadh aige leis an maíomh sin agus thug le fios go raibh cosaint láidir do thionóntaí sna bearta nua chomh maith le buntáistí d'infheisteoirí.

De réir a bhfuil socraithe ag an Rialtas, is de ráta an bhoilscithe a cheanglófar feasta an cíos atá le baint amach ar árais chónaithe nuathógtha agus cuirfear deireadh leis an uasteorainn 2% d'ardú bliantúil atá i bhfeidhm faoi láthair.

Ní bheidh aon athrú ann má fhanann tionóntaí sa lóistín ina bhfuil siad. Beidh ceart ag na tionóntaí fanacht sa lóistín go ceann sé bliana ar a laghad a fhad is nach sáraíonn siad an comhaontú atá sa léas.

Ceadófar ansin don tiarna talún an cíos a leagan síos de réir an mhargaidh gach sé bliana.

Maíonn an Rialtas go gcuirfidh seo deireadh den chéad uair riamh le díbirt tionóntaí scun scan as áitreabh ach deir Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta agus Pobal Roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht, deir siad ar fad gur a mhalairt atá fíor mar gur follas go n-ardóidh tiarnaí talún an cíos go suntasach gach sé bliana.

Ní bheidh cead an t-ardú gach sé bliana a chur i bhfeidhm ar thionóntachtaí atá ann faoi láthair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ