Tá géarghá go gcuirfí maoiniú ar fáil d'fhéilte ceoil atá ag streachailt le costais arda i láthar na huaire, a dúirt an Teachta Dála Pearse Doherty ó Shinn Féin.
An tseachtain seo caite, d'fhógair lucht eagraithe fhéile cheoil Sea Sessions a bhíonn ar siúl gach bliain i nBun Dobhráin nach bhfuil siad in acmhainn dul chun cinn le féile na bliana seo.
Sa Dáil le gairid, dúirt Pearse Doherty go bhfuil féilte ceoil fíorthábhachtach ní hamháin d'eacnamaíocht na tíre ach don eacnamaíocht áitiúil chomh maith.
Tá an Dochartach ina stiúrthóir agus ina chathaoirleach ar fhéile cheoil Sult a bhíonn ar siúl i nGaoth Dobhair gach bliain.
Dúirt sé gur cuireadh deireadh le suas le fiche féile cheoil sa tír le roinnt blianta mar gheall ar chostais arda agus d'iarr sé ar an Rialtas idirghabháil a dhéanamh agus níos mo tacaíochta a chur ar fáil don earnáil sin.
Bhí caint an tseachtain seo caite freisin ar fhéile Beyond the Pale i gCo Chill Mhantáin a chur ar ceal ar an údar céanna.
Dheimhnigh an lucht eagraithe go rachfar chun leis an bhféile a bheas ar siúl an deireadh seachtaine beag seo, ach dúirt siad go ndeachaigh sé go dtí an dóbair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ