Tá eagraíochtaí in Éirinn a thacaíonn leis na Palaistínigh ag cur an dlí ar an gcomhlacht Airbnb.
Deir siad go bhfuil Airbnb ag sárú an dlí idirnáisiúnta trí lóistín a chur ar fáil i lonnaíochtaí Iosraelacha mídhleathacha sa Bhruach Thiar.
D'fhógair na heagraíochtaí Sadaka, Al-Haq agus an Gréasán Gníomhaithe Dlí Domhanda inniu go gcuirfidís an dlí ar phríomhchomhlacht Airbnb sna Stáit Aonaithe, agus ar fhochomhlachtaí Airbnb in Éirinn agus i Sasana.
Maíonn siad go bhfuil Airbnb ag déanamh brabúis as coireanna cogaidh Iosrael.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ