Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Rothaí maraithe i dtimpiste bothair i gCiarraí

10 MEITHEAMH 2025, 16:24

Scrúdú teicniúil á dhéanamh ag Gardaí ar láthair na tionóisce ar bhóthar an R569
X Facebook

Maraíodh fear sna hochtóidí nuair a bhuail feithicil é agus é ag rothaíocht i gCill Gharbháin i gCo Chiarraí inniu.

Tharla an tubaiste ar bhóthar an R569 ag thart ar 1.40 tráthnóna.

Bhásaigh an fear ar an mball agus tá scrúdú iarbháis le déanamh ar a chorp níos deireanaí.

Tá an bóthar dúnta a fhad is atá scrúdú teicniúil á dhéanamh ag na Gardaí ar an láthair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ