Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Amhantar le bronnadh ag NAMA ar an Stát

11 MEITHEAMH 2025, 10:52

€300 milliún breise nach raibh coinne leis le tabhairt ar ais don Stát i mbliana
X Facebook

Tá an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA) le níos mó airgid a thabhairt ar ais don Státchiste ná mar a bhí súil leis – €5.5 billiún seachas €5.2 billiún.

Gníomhaireacht Stáit is ea NAMA atá freagrach as iasachtaí maoine na mbanc ó aimsir na géarchéime airgeadais a bhainistiú.

Cuimsíonn an €5.5 billiún farasbarr de €5.05 billiún agus €450 milliún i gcáin chorparáideach.

Deir NAMA go bhfuil €4.69 billiún den mhéid sin íoctha cheana féin agus go n-íocfar an chuid eile faoi dheireadh na bliana.

In 2009 a bunaíodh NAMA agus tá an ghníomhaireacht le lánscor i mbliana.

Iasachtaí maoine na mbanc a raibh luach thart ar €70 billiún orthu, cheannaigh NAMA iad ar €30 billiún agus chinn an Rialtas ag an am an t-easnamh a chúiteamh do na bainc.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ