Gortaíodh seacht bpóilín déag le linn círéibeacha a bhí ar an mBaile Meánach i gCo Aontroma aréir.
Den dara hoíche as a chéile, caitheadh buamaí peitril agus ábhar coincréite leis na póilíní i lár an bhaile agus ionsaíodh tithe agus gnóthais a creideadh gur le hinimircigh iad.
Réabadh doirse roinnt tithe, briseadh fuinneoga roinnt eile agus cuireadh teach amháin ar a laghad trí thine.
Lasadh tinte i gceantar tráchtála an bhaile chomh maith.
Tá baint mhór ag paraimíleataigh dhílseacha leis an bhforéigean agus bhí bratacha dílseacha crochta i bhfuinneoga a dtithe ag daoine le súil is nach n-ionsófaí iad.
Bhain na póilíní leas as canóin uisce leis na círéibeoirí a scaipeadh agus scaoil siad roinnt piléar plaisteach freisin.

Gabhadh cúigear aréir agus tá fear 29 bliain d'aois a gabhadh le linn na scliúchas arú aréir le tabhairt os comhair cúirte sa Bhaile Meánach inniu.
Deir na póilíní gur tharla scliúchais aréir freisin i mBaile na Mainistreach agus i gCarraig Fhearghais i gCo Aontroma agus i dtuaisceart Bhéal Feirste.
Thosaigh an foréigean oíche Dé Luain tar éis do bheirt ógánach teacht os comhair cúirte agus iarracht ar ionsaí gnéis a dhéanamh ar chailín sa Bhaile Meánach curtha ina leith.
Ceithre bliana déag atá an bheirt bhuachaillí agus is le cúnamh ó ateangaire a héisteadh an cás.
Dúirt aturnae na beirte go mbeidís ag pléadáil neamhchiontach sa chúis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ