Tá beirt gafa ag na Gardaí maidir le tubaiste bóthair a bhí i mBaile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag anuraidh inar maraíodh lánúin phósta.
Is ar maidin inniu a gabhadh an bheirt – fear 40 bliain d'aois agus bean sna tríochaidí – agus tá siad á gceistiú i stáisiúin Ghardaí éagsúla.
Maraíodh Georgina Hogg Moore, 39 bliain, agus a fear céile Anthony Hogg, 40 bliain, nuair a bhuail feithicil iad in aice le hIonad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir ar an 26 Nollaig 2024, Lá Fhéile Stiofáin. Níor stop an fheithicil ar an láthair.
Bhí beirt pháistí ag an lánúin.
Tá fear tugtha os comhair cúirte cheana faoin tubaiste.
Sin é John Halpin, as Ascaill Bhaile an Fhaoitigh i mBaile Bhlainséir, a bhfuil ceithre chion curtha ina leith, lena n-áirítear tiomáint chontúirteach arbh é bás na lánúine a thoradh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ