Cuirfear tús Dé Luain seo chugainn leis an tochailt atá le déanamh san áit a mbíodh an t-áras máithreacha agus naíonán i dTuaim i gCo na Gaillimhe le súil teacht ar chnámhiarsmaí cuid de na leanaí a cuireadh ansin.
Ní i reilig a cuireadh iad, áfach, agus dúradh i dtuarascáil a foilsíodh 2017, go raibh "líon suntasach cnámhiarsmaí daonna" curtha san áit a gcuirtí camras ón áras.
Cnámhiarsmaí leanaí a bhásaigh idir 1925 agus 1961 atá i gceist agus meastar go mbeifear i mbun cuardaigh ar an láthair ar feadh ceithre seachtaine.
Ba í an staraí áitiúil Catherine Corless a tharraing aird ar an scéal a chéaduair in 2014.
Tá cuid mhaith réamhoibre agus suirbhéanna talún déanta ar an láthair le roinnt míonna, lena n-áirítear anailís topagrafachta agus ithreach.
Ba é an Coimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán a d'fhoilsigh an tuarascáil in 2017 agus dúradh ann chomh maith nár coinníodh taifid ar adhlacadh 796 leanbh a fuair bás san áras i dTuaim.
Oifig nua a bhunaigh an Roinn Leanaí atá ag déanamh maoirseacht ar an obair thochailte.
Meastar go nglacfaidh an próiseas ar fad – idir thochailt, dhí-adhlacadh agus eile – go nglacfaidh sé dhá bhliain san iomlán.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ