Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Atógáil Pháirc Mhic Easmainn: £50m geallta ag an mBreatain

11 MEITHEAMH 2025, 14:34

Páirc Mhic Easmainn mar atá sé faoi láthair
X Facebook

Tá £50 milliún lamháilte ag Rialtas na Breataine le haghaidh athchóiriú ó bhonn Pháirc Mhic Easmainn, staid Chumann Lúthchleas Gael i mBéal Feirste.

Fógraíodh an maoiniú úr san athbhreithniú caiteachais a d'fhoilisgh Seansailéir Státchiste na Breataine Rachel Reeves inniu.

Meastar go gcosnóidh an staid nua £270 milliún san iomlán ach níl ach tuairim is £170 milliún den mhéid sin geallta go dtí seo.

Chomh maith leis an maoiniú a fógraíodh inniu, tá £43 milliún geallta ag Rialtas na hÉireann, £62.5 milliún ag Feidhmeannas Stormont agus £15 milliún ag CLG féin.

Tá Páirc Mhic Easmainn díomhaoin agus fágtha ina fhothrach le breis agus deich mbliana ach tá súil go mbeidh áit ann do 34,500 duine sa staid úrnua, agus gach saoráid ar fáil ann, nuair a thógfar é.

Chuir Uachtarán CLG Jarlath Burns fáilte roimh an maoiniú úr ach thug le fios gur dóichí go gcaithfí tuilleadh a ghealladh sula bhféadfaí an chéad fhód a iompú.

Dúirt sé gur faoi Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine a bhí sé anois an t-easnamh de £100 milliún a chur ar fáil ar bhealach éigin.

Tiocfaidh coiste feidhmitheach CLG le chéile go gairid leis an scéal a chíoradh, arsa sé.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ