Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Foláirimh aimsire fógartha, stoirmeacha toirní geallta

11 MEITHEAMH 2025, 17:45

Trí fholáireamh bhuí aimsire fógartha
X Facebook

Tá trí fholáireamh bhuí aimsire fógartha ag Met Éireann agus stoirmeacha toirní geallta in áiteanna éagsúla sa tír ag an am céanna nó i ndiaidh a chéile as seo go ceann cúpla lá.

Baineann an chéad fholáireamh le Corcaigh agus Port Láirge, mar a bhfuil ceathanna troma báistí agus fuarlaigh geallta idir 10 a chlog anocht agus 3 a chlog ar maidin amárach.

I gceann na léidearnaí, tá baol ann, a deir na meitéareolaithe, go ndéanfaidh lasracha tintrí damáiste do mhaoin sna háiteanna sin.

Baineann an dara foláireamh le Cúige Laighean ar fad, Tiobraid Árann agus Port Láirge arís. Beidh feidhm leis an bhfoláireamh sin idir an meán oíche anocht agus 2 a chlog tráthnóna amárach.

Is leis an gCabhán, le Dún na nGall, Muineachán, Liatroim, Ros Comáin agus Sligeach a bhaineann an tríú foláireamh a mbeidh feidhm leis idir 7 a chlog ar maidin amárach agus 5 a chlog tráthnóna amárach.

Tá an foláireamh céanna aimsire fógartha ag meitéareolaithe i sé chontae an Tuaiscirt leis. Beidh feidhm leis an bhfoláireamh sin idir 6 a chlog ar maidin amárach agus 9 a chlog tráthnóna amárach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ