Tá fear sna seascaidí gafa ag na Gardaí i mBaile Átha Cliath faoi dhúnmharú Annie McCarrick, bean 26 bliain d'aois as Meiriceá atá ar iarraidh le 32 bliain.
Bleachtairí ó Stáisiún Gardaí an Bhaile Ghaelaigh i ndeisceart Bhaile Átha Cliath a ghabh an fear ar maidin inniu.
Tá teach i gCluain Dolcáin in iarthar na cathrach á chuardach ag na Gardaí freisin mar chuid dá bhfiosrúchán dúnmharaithe.
Ba as Long Island i Nua-Eabhrac í Annie McCarrick agus bhí cónaí uirthi i nDumhach Thrá i mBaile Átha Cliath.
Chonacthas í go deireanach ag 11 a chlog ar maidin ar an 26 Márta 1993 ag banc an AIB ar Bhóthar Dhumhach Thrá, gar dá háit chónaithe.
Bhí tuairiscí ann go bhfacthas í ina dhiaidh sin ag dul ar bhus go hÁth na Sceire i gCo Chill Mhantáin agus i dteach tábhairne Johnnie Fox's i nGleann Cuilinn i Sléibhte Bhaile Átha Cliath.
Dhá lá ina dhiaidh sin, chuir cara léi scéala chuig na Gardaí go raibh sí ar iarraidh.
Go hoifigiúil, cás duine a bhí ar iarraidh a bhí ann nó gur fhógair na Gardaí dhá bhliain ó shin go raibh fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun acu.
An fear a gabhadh ar maidin inniu, tá sé á choinneáil faoi Mhír 4 den Acht um Cheartas Coiriúil agus is féidir é a cheistiú ar feadh ceithre huaire fichead.
Is é an chéad duine a gabhadh faoi dhúnmharú Annie McCarrick é.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ