Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ionad fóillíochta i Latharna dóite ag círéibeoirí

12 MEITHEAMH 2025, 14:09

An t-ionad fóillíochta i Latharna trí thine
X Facebook

Rinneadh damáiste mór d'ionad fóillíochta i Latharna i gCo Aontroma nuair a d'ionsaigh buíon ógánach an áit aréir.

Caitheadh brící leis an ionad fóillíochta, briseadh fuinneoga agus chuaigh an áit trí thine nuair a lasadh araidí bruscair taobh amuigh de.

Taobh istigh, bhí inimircigh a theith ón bhforéigean a tharla sa Bhaile Meánach le dhá oíche roimhe sin, chomh maith le daoine a bhí ag freastal ar rang teagaisc ann.

Na hógánaigh, a raibh púicíní orthu, chaith siad brící agus ábhar eile leis na póilíní freisin.

Tugadh dídean do na hinimircigh san ionad fóillíochta níos luaithe inné ar bhonn sealadach. Tugadh go háit eile iad ó shin.

Aire Pobal an Tuaiscirt, Gordon Lyons ón DUP, nocht sé ar na meáin shóisialta sular ionsaíodh an t-ionad go raibh na hinimircigh ag stopadh ann agus tá sé cáinte go láidir faoi sin ag polaiteoirí eile.

Tá sé curtha ina leith go raibh a ndúirt sé "místuama agus gríosaitheach" agus tá ceannaire an SDLP i dTionól Stormont, Matthew O'Toole, le casaoid oifigiúil a dhéanamh ar fhear an DUP le Coimisinéir um Chaighdeáin Stormont.

Céad-Aire an Tuaiscirt, Michelle O'Neill ó Shinn Féin, dúirt sí gur chóir do Gordon Lyons éirí as oifig de bharr ar fhoilsigh sé ar líne.

An t-ionad fóillíochta i Latharna ar maidin inniu

Thosaigh an foréigean sa Bhaile Meánach oíche Dé Luain seo caite tar éis do bheirt ógánach teacht os comhair cúirte agus iarracht ar ionsaí gnéis a dhéanamh ar chailín ar an mbaile sin curtha ina leith.

Ceithre bliana déag atá an bheirt bhuachaillí agus is le cúnamh ó ateangaire a héisteadh an cás.

Dúirt aturnae na beirte go mbeidís ag pléadáil neamhchiontach sa chúis.

Tá cabhair iarrtha ag na póilíní sa Tuaisceart ar sheirbhísí póilíneachta eile chun dul i ngleic leis an mí-ord.

Táthar le freastal ar an iarratas sin agus tuigtear go bhfuil 80 póilín ón mBreatain le teacht chun an Tuaiscirt as seo go ceann cúpla lá.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ