Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gaza: leathchéad eile maraithe ag na hIosraelaigh

12 MEITHEAMH 2025, 13:32

Corp Palaistínigh a maraíodh ag ionad dáileacháin bia á thabhairt chun an ospidéil, 12 Meitheamh 2025
X Facebook

Tuairiscítear gur mharaigh fórsaí míleata Iosrael leathchéad Palaistíneach ar a laghad in Gaza inniu, 25 díobh in aice le hionad dáileacháin bia leis na hIosraelaigh i lár na hiamhchríche.

Maíonn na hIosraelaigh gur scaoil saighdiúirí le slua daoine a bhí ag teannadh leis an ionad bia mar gur thug siad an chluas bhodhar d'ordú ó na saighdiúirí.

Bhí amhras ar na saighdiúirí faoina raibh ar intinn ag an slua, a dúradh.

Tuairiscítear freisin gur maraíodh ceithre dhuine dhéag nuair a scaoil saighdiúirí Iosraelacha le slua in aice le hionad dáileacháin bia eile in Rafah i ndeisceart Gaza.

Tá sé curtha i leith Hamas ag na hIosraelaigh gur lámhach agus gur mharaigh siad cúigear Palaistíneach a bhí fostaithe ag na hIosraelaigh in ionad dáileacháin bia.

Dar leis na hIosraelaigh gur maraíodh an cúigear nuair a rinne Hamas ionsaí lámhaigh ar bhus a bhí ag tabhairt na n-oibrithe chun an ionaid.

Ina cheann sin, tuairiscítear gur mharaigh na hIosraelaigh aon duine dhéag in áiteanna eile in Gaza.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ