Bean sna tríochaidí a gabhadh inné faoi thubaiste bóthair inar maraíodh lánúin phósta i mBaile Átha Cliath anuraidh, tá sí cúisithe ag na Gardaí ó shin agus tiocfaidh sí os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir Dé Máirt seo chugainn.
Fear 40 bliain d'aois a gabhadh inné freisin, tá sé scaoilte saor ag na Gardaí gan aon chúis a chur ina leith. Cuirfear comhad faoina chás siúd chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
Maraíodh Georgina Hogg Moore, 39 bliain, agus a fear céile Anthony Hogg, 40 bliain, nuair a bhuail feithicil iad agus iad ag siúl abhaile ó Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir ar an 26 Nollaig 2024, Lá Fhéile Stiofáin.
Buaileadh roinnt coisithe eile freisin ach níor stop an fheithicil ar an láthair.
Bhí beirt pháistí ag Georgina agus Anthony Hogg.
Tá fear tugtha os comhair cúirte cheana faoin tubaiste.
Sin é John Halpin, as Ascaill Bhaile an Fhaoitigh i mBaile Bhlainséir, a bhfuil ceithre chion curtha ina leith, lena n-áirítear tiomáint chontúirteach arbh é bás na lánúine a thoradh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ