Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Na céadta maraithe i dtubaiste eitleáin san India

12 MEITHEAMH 2025, 17:32

Thuairt an t-eitleán i gceantar cónaithe i gcathair Ahmedabad in iarthar na hIndia
X Facebook

Tuairiscítear gur maraíodh thart ar 300 duine i dtubaiste eitleáin a tharla in iarthar na hIndia.

Thuairt an t-eitleán a bhí ar a bealach go Londain go gairid tar éis di an t-aerfort i gcathair Ahmedabad i stát Gujarat a fhágáil.

Bhí 242 duine san eitleán le Air India a thuairt i gceantar cónaithe gar don aerfort.

Bhuail sí coláiste leighis agus tuairiscítear go bhfuil mic léinn i measc na marbh.

Lucht dóiteáin san áit ar thuairt an t-eitleán in Ahmedabad

Tuigtear gur Boeing 787-8 Dreamliner a bhí san eitleán, ar árthach réasúnta nua-aimseartha í.

D'fhág sí Ahmedabad ag 1.39 i.n., am na hIndia, agus bhí sí le tuirlingt in Aerfort Gatwick i Londain ag 6.25 i.n., am Shasana.

Tuairiscítear gur chuir an píolóta glao mayday sular thuairt sí ach dealraíonn sé nár tháinig aon scéala eile uaidh ina dhiaidh sin.

Saoránaigh na hIndia ab ea formhór na bpaisinéirí, agus bhí daoine ón mBreatain agus ón bPortaingéil ina measc leis.

Tá sé róluath le rá cad ba chúis leis an timpiste ach deir roinnt saineolaithe go raibh fearas tuirlingthe an eitleáin le feiceáil sular thuairt sí cé gur cheart dó a bheith i bhfolach i mbolg an eitleáin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ