I nDáil Éireann, dúirt an Tánaiste Simon Harris go gcreideann sé gur chóir casaoid a dhéanamh leis na Gardaí ar oibrithe i dtithe altranais a taifeadadh ag déanamh "ionsaí fisiciúil" ar othair.
Ag trácht a bhí an Tánaiste ar an gclár RTÉ Investigates a craoladh le gairid maidir leis an droch-chaighdeán cúraim atá i roinnt tithe altranais sa Stát agus an drochíde a thugtar d'othair iontu.
Ag tabhairt freagra a bhí sé ar cheist ón Teachta Dála Marie Sherlock ó Pháirtí an Lucht Oibre faoin líon ball foirne a ba cheart a bheith ar dualgas i dteach altranais, ceist nach bhfuil aon rialachán eisithe ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte faoi.
Thug Simon Harris le fios go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an Údarás agus dhearbhaigh sé go mbeidh cruinniú ag an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill le hionadaithe ón eagraíocht sin go luath.
Mar sin féin, a dúirt sé, ba chóir go mbeadh cuntasacht phearsanta ann freisin agus dúirt go bhfuil dlíthe ann maidir le hionsaí fisiciúil.
Bhí an méid a chonaic sé ar chlár RTÉ do-dhearmadta, arsa sé.
Mhaígh Maire Sherlock go raibh lucht rachmais ag breith buntáiste ar an ngá atá le cúram altranais le brabúis ollmhóra a dhéanamh dóibh féin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ