Fógra cogaidh é cur síos na hIaráine ar ruathair aeir Iosrael ar spriocanna éagsúla sa tír thar oíche. Bhuail na hionsaithe ionaid núicleacha agus monarchana diúracán agus mharaigh roinnt ceannairí míleata.
Deir Iosrael go bhféadfadh sé go leanfaidh na hionsaithe ar aghaidh go leanúnach chun bac a chur ar an Iaráin arm núicléach a thógáil.
Tá Uachtarán Trump na Stát Aontaithe ag impí ar an Iaráin comhaontú a shíniú a chuirfeadh srian ar a cuid gníomhaíochtaí núicleácha. D'fhógair sé inniu go raibh foláireamh 60 lá tugtha aige do Tehran dhá mhí ó shin, agus thug le fios go bhféadfadh ionsaithe níos fíochmhaire teacht ó Iosrael.
Dúirt an tUachtarán Trump leis na Wall Street Journal go raibh a fhios aige go raibh na hionsaithe ag teacht agus 'gur éírigh go maith leo'. Labhair sé le Benjamin Netanyahu inné, agus tá faoi labhairt leis arís inniu.
Deir an Iaráin gur maraíodh 78 duine agus gur gortaíocht 329 sna hionsaithe ar cheantracha conaitheacha i dTehran thar oíche. Tuairiscítear freisin gur maraíodh 8 in ionsaí ar leith ar chathair Tabriz.
Tá gearán déanta ag an Iaráic leis na Náisiúin Aontaithe, gur úsáid Iosrael aerspás na hIaráice leis an ionsaí ar an Iaráin a thabhairt i i gcrích.
Sárú dána ar fhlaitheas na hIaráice a bhí sna hionsaithe, a dúirt urlabhraí rialtais i mBaghdad.
Tá an t-aerthaisteal sa réigiún ina chíor thuathail anois eitiltí á gcur ar ceal nó curtha ar malairt treo.
Thaispeáin suíomhanna aerthaisteal gur beag soiteach a bhí san aer os cionn na hIaráine, na hIaráice agus na Siúrdáine.
650 eitilt chuig an Eoraip agus atá curtha ar ceal go dtí seo.