Tá uasghrádú déanta ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar an gcomhairle do shaoránaigh i leith taisteal go hIosrael.
'Ná taisteal go hIosrael' é an comhairle ó Rialtas na hÉireann anois, i bhfianaise ruathair Iosrael ar an Iaráin thar oíche.
Deir an Roinn nar cheart d'Eireannaigh taisteal chuig an bPailistín ná chuig Iosrael agus táthar ag iarraidh ar aon saoránach sna críocha sin faoi láthair clárú ar ardán cláraithe na Roinne.
Is ceart bheith ag siúl go gcuirfear as go mór d'aerfoirt Iosrael freisin, a deir an chomhairle.
Tá cúrsaí slándála in Iosrael agus sa Phailistín araon teann agus guagach i gcónaí, agus gach seans ann gur féidir leis dul in olcas, dar leis an Roinn.
Impíonn an Roinn ar Éireannaigh bheith san airdeall, na meáin áitiula agus idirnáisiúnta a fhaire go rialta, comhairle na n-údarás áitiúla a leanúint, agus cloí leis na beartais slándála breise atá nuachurtha i bhfeidhm.
Idir an dá linn, tá an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Harris tar éis a rá go bhfuil 'contúirt thar na bearta' ag baint le hionsaithe leanúnacha Iosrael ar an Iaráin agus nach bhféadfadh siad bheith níos tromchúisí.
Ní mór don tá thaobh, a deir sé, maolú ar an ngníomhaíocht sa réigiún, agus d'iarr orthu cúlú ó bhruach na haille.
Dúirt Simon Harris freisin, gurb í an idirbheartaíocht an bealach chun cinn as an tsáinn chrua slándála sa réigiún.