Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Paul Murphy TD gafa san Éigipt, ar a bhealach chuig Gaza

13 MEITHEAMH 2025, 16:37

X Facebook

Gabhadh an Teachta Dála Paul Murphy agus baineadh a phas de san Éigipt inniu, agus é ar dhuine de ghrúpa atá ar a mbealach chuig Rafah ar an teorainn le Gaza le bheith páirteach in agóid ar son na síochána.

Deir a pháirtí, Pobal Roimh Bhrabús, gur fáísceadh roinnt daoine ar bhusanna in aghaidh a dtola agus go bhfuil siad á dtabhairt chuig Cairo lena ndíbirt ar an tír.

Baineadh a fhón den TD freisin, agus ní féídir dul i dteagmháil leis a thuilleadh. Deir an páirtí go gcaithfidh an Rialtas dhul i ndiaidh údaráis na hEigipte le Paul Murphy agus na daoine eile a fháíl saoraithe.

Dhearbhaigh Paul Murphy ar X nios luaithe go raibh a phas bainte de agus go raibh údaráis na hEigipte ag teannadh go crua ar an dream a bhí ar an Great March to Gaza.

Tá an páirtí ag impí freisin ar an bpobal dul i dteagmháil le hAmbasáid na hÉigipte anseo agus cead taistil gan bhac do na daoine atá ag iarraidh fóirithint dhaonnúil a scaoileadh isteach go Gaza a éileamh orthu.

Deir lucht eagraithe na máirséala go raibh súil acu le 40,000 duine a thabhairt go Rafah chun brú a chur ar Iosrael deireadh a chur leis an gcosc atá siad a chur ar fhóirithint dhaonnúil go Gaza.