Tá diomú ar Choiste Mhuintir na hÁite i gCarna i gConamara a deir siad nach bhfuil aon eolas faighte ag pobal Charna ná aon phlé déanta leo ag Údarás na Gaeltachta cé go bhfuil sé tugtha le fios ag an Údarás go bhfuil cuideachtaí tráchtála ag cur spéis sa togra raon tuirbíní gaoithe a thógáil ar muir i bhfoiscíocht 5km de chósta an bhaile.
D'fhógair an chuideachta Fuinneamh Sceirde Teoranta deireadh mhí an Aibreáin nach raibh siad chun leanacht ar aghaidh leis an tionscnamh 30 tuirbín a chur i limistéar farraige Charraigeacha Sceirde, ar an mbonn a dúirt an chuideachta nach raibh siad in ann a chinntiú go gcríochnófaí an fheirm gaoithe agus nach mbeadh siad in ann sláinte agus sábháilteacht lucht na hoibre, idir fhoireann agus chonraitheoirí, a chinntiú.
Is beag a bhí ag súil leis an scéala sin go háitiúil ná i measc an Rialtais agus a gcuid comhlachtaí Stáit.
Tá sé ina aidhm ag an Rialtas faoin bPlean Gnímh ar son na hAeráide 2030 go mbeadh 80% den fhuinnimh a ídítear sa tír á ghineadh ó fhoinsí in-athnuaite agus bhí Feirm Gaoithe na Sceirde amach ó Iorras Aithneach ar cheann de na tograí móra a bhí le cuidiú leis an sprioc sin a bhaint amach.
Nuair a d'fhógair Fuinneamh Sceirde Teo go raibh siad ag éirí as an togra dúirt siad gur déanadh an cinneadh de bharr measúnú cuimsitheach teicniúil a bheith déanta acu ar gach gné den tionscadal.
Dúirt siad gur léirigh anailís leanúnach go bhfuil geolaíocht ghrinneall na farraige ar an suíomh an-gharbh agus an-chasta agus go mbeadh sruth agus oibriú na farraige an-dian freisin.
Bhí an próiseas ag lorg cead pleanála faoin lán tseoil nuair a chinn Fuinneamh Sceirde Teo gan leanacht leis.
Is faoi bhráid an Bhoird Phleanála a bhí an t-iarratas agus i ráiteas tráthnóna ón mBord deir siad go bhfuil an t-iarratas fós faoina mbráid, go bhfuil cigire ag cur tuairisc le chéile faoi, agus go mbeidh sé ansin ag gabháil faoi bhráid an Choimisiúin Phleanála.
Ach thug Údarás na Gaeltachta le fios ag Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais Dé Máirt seo caite go bhfuil suim léirithe ag cuideachtaí eile tabhairt faoin bhfeirm gaoithe.
Ní mó ná sásta atá coistí áitúila in Iorras Aithneach faoin scéala sin.
D’iarr Nuacht TG4 soiléiriú inniu ar an Údarás faoi na cuideachtaí atá i gceist.
D'fhreagair an tÚdarás go mbíonn cuideachtaí i dteagmháil go minic leo faoi mhórchuid tograí agus gur faoi Roinn na Mara agus faoin Rialtas glacadh nó diúltú d'iarratas ar fheirm gaoithe a fhorbairt.
"Is ról tacaíochta a bhíonn againne" a deir ráiteas an Údaráis.
Tá cruinniú iarrtha ag Coiste Mhuintir na hÁite i gCarna ar an Údarás leis an gceist a phlé agus le eolas a fháil ar son an phobail.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Sinéad Ní Neachtain ar Nuacht TG4 ag a 7.