Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Leathchéad eile ar a laghad maraithe ag Iosrael in Gaza

01 IÚIL 2025, 11:10

Lorg na buamála a rinne na hIosraelaigh ar an ionad scíthe i gCathair Gaza
X Facebook

Tuairiscítear gur mharaigh fórsaí míleata Iosrael 51 Palaistíneach ar a laghad in Gaza ó inné, lena n-áirítear 24 duine ag ionad scíthe cois farraige i gCathair Gaza.

Bíonn an t-ionad scíthe plódaithe le daoine an chuid is mó den am mar go bhfuil seirbhís idirlín ar fáil ann, chomh maith le bia agus deochanna agus áit suí do theaghlaigh.

Deir na húdaráis in Gaza gur maraíodh aon duine dhéag eile gar d'ionaid dáileacháin bia mar dhóigh de a bhunaigh na hIosraelaigh – i gcomhar le Rialtas na Stát Aontaithe – i lár agus i ndeisceart na hiamhchríche.

Tá Palaistínigh á marú as éadan ag fórsaí Iosrael ag ionaid mar iad ó bunaíodh iad i ndeireadh mhí na Bealtaine.

Tá cuid de na carthanais is mó ar domhan ag éileamh deireadh a chur leis na hionaid sin láithreach.

130 carthanas – lena n-áirítear Oxfam, Fóir ar na Páistí agus Amnesty International – dúirt siad i gcomhráiteas go raibh gach gnás idirnáisiúnta sáraithe ag an dream atá freagrach as na hionaid.

Dé hAoine seo caite, d'iarr Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ar na hIosraelaigh "margadh a dhéanamh" in Gaza agus dúirt go raibh súil aige go gcuirfí sos comhraic i bhfeidhm ann faoi cheann seachtaine.

Trí lá ina dhiaidh sin, ámh, d'fhógair Trump go raibh na Meiriceánaigh le luach $510 milliún de threalamh buamála a dhíol le hIosrael.

Tá Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu le dul go Washington Dé Luain seo chugainn, mar a gcuirfidh Trump fáilte roimhe sa Teach Bán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ