Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Imní faoi íocaíochtaí ó chomhlachtaí cógaisíochta le dochtúirí

01 IÚIL 2025, 09:41

Rinne comhlachtaí cógaisíochta 4,509 íocaíocht le lucht leighis in 2023 arbh fhiú €14.4 milliún san iomlán iad
X Facebook

Nós coitianta atá ann comhlachtaí cógaisíochta ag déanamh íocaíochtaí le lucht leighis sa tír seo, de réir athbhreithniú ar fhigiúirí 2023 a foilsíodh inniu. Cuimsíonn lucht leighis dochtúirí, altraí, fiaclóirí, cógaiseoirí agus forais éagsúla.

Moltar san athbhreithniú go gcuirfí in iúil go soiléir nach dtacaíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leis an nós seo ar an mbonn go bhféadfadh íocaíochtaí mar iad dul i gcion go claonta ar chleachtais oibre lucht leighis, go háirithe maidir le cógais a thabhairt amach.

Léiríonn an t-athbhreithniú go ndearna comhlachtaí cógaisíochta 4,509 íocaíocht le lucht leighis in 2023 arbh fhiú €14.4 milliún san iomlán iad.

€50,462 a bhí san íocaíocht ba mhó agus ba le duine amháin a rinneadh é.

Ba é an comhlacht Novartis a rinne an líon mba mhó íocaíochtaí le daoine aonair, mar a bhí 374, agus ba é an comhlacht Abbvie a d'íoc an méid ba mhó le daoine aonair, mar a bhí €880,952.

Chomh maith le daoine aonair, déantar íocaíochtaí le hospidéil, le hollscoileanna agus le cumainn phroifisiúnta leighis.

Dúirt údar an athbhreithnithe, an tOllamh Michael Barry, gur údar imní é seo go háirithe mar gur sna háiteanna sin a chuirtear oiliúint ar dhochtúirí agus creideann sé, arsa sé, go bhféadfadh íocaíochtaí ó chomhlachtaí cógaisíochta anáil a chur faoin gcineál cóireála a chuireann dochtúirí ar a gcuid othar ina dhiaidh sin nár chun leas iomlán na n-othar é.

Ó 2016 i leith, nochtar go poilbí na híocaíochtaí a dhéanann comhlachtaí cógaisíochta le lucht leighis agus tá an t-eolas sin ar fáil ar an suíomh gréasáin www.transferofvalue.ie.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ