Tá fear 28 bliain d'aois cúisithe i mbean a dhúnmharú agus i leanbh a dhíothú i gCo an Dúin an deireadh seachtaine seo caite.
Fuarthas corp Sarah Montgomery, a bhí 27 bliain agus a bhí ag súil le páiste, in árasán i dteach i nDomhnach Daoi i dtuaisceart an Dúin tráthnóna Dé Sathairn.
Bhí beirt pháistí aici agus bhí sí ocht mí go leith ar pháiste eile nuair a maraíodh í.
Tá an fear atá cúisithe ina dúnmharú le teacht os comhair cúirte i mBaile Nua na hArda amárach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ