Tá Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE),Bernard Gloster os comhair chomhchoiste oireachtais faoi láthair .
Thug sé le fios don chomhchoiste sláinte nach ceart a bheith ag brath an iomarca ar oibrithe seachtracha sna hospidéil phoiblí ag tacú leis an bhfoireann ionas go ngearrfaí liostaí feithimh.
Mhínigh Bernard Gloster freisin nár chóir go mbeadh na hospidéil phoiblí ag brath ar an airgead a chuirtear ar fáil ón gCiste Náisiúnta um Cheannacht Cóireála chuige seo.
Dúirt sé go raibh sé ag súil go gcuirfeadh gach ospidéal poiblí deireadh leis an gcleachtas seo faoi Mheitheamh 2026.
Léirítear freisin i dtuarascáil a chuir an tUasal Gloster le chéile go bhfuil iniúchadh inmheánach le déanamh anois ar Ospidéal an Náis i gCo.Chill Dara.
Seo an 3ú ospidéal anois a bhfuil iniúchadh á dhéanamh air, tá cinn á ndéanamh cheana féin ar Ospidéal Beaumont agus ceann de na hospidéil atá faoi chúram Shláinte Leanaí Éireann i gCo.Bhaile Átha Cliath.