Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gibney gafa sna Stáit Aontaithe

02 IÚIL 2025, 08:18

Gibney gafa sna Stáit Aontaithe
X Facebook

Tá iar-chóitseálaí náisiúnta snámha na tíre seo, George Gibney, gafa agus á choinneáil sna Stáit Aontaithe.

Tá na húdaráis anseo ag iarraidh go n-eiseachadfaí Gibney mar go bhfuil breis is 50 cúis anseo ina choinne bainteach le mí-úsáid ghnéis.

Gabhadh Gibney i Stát Florida inné.

Tuigtear gur tugadh an fear, atá sna seachtóidí anois, os comhair breithimh ansin.