Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear cúisithe i ndúnmharú ó thuaidh curtha siar faoi choinneáil

02 IÚIL 2025, 14:49

Sarah Montgomery
X Facebook

Tá fear 28 bliain d'aois atá cúisithe i mbean a dhúnmharú i gCo an Dúin an deireadh seachtaine seo caite curtha siar faoi choinneáil.

Fuarthas corp Sarah Montgomery, a bhí 27 bliain agus a bhí ag súil le páiste, in árasán i dteach i nDomhnach Daoi i dtuaisceart an Dúin tráthnóna Dé Sathairn.

Tugadh Zak Hughes ó Phlás Ard an Ghleanna i dtuaisceart Bhéal Feirste os comhair cúirte i mBaile Nua na hArda inniu.

Tá díothú linbh curtha i leith an fhir seo freisin.

Bhí beirt pháistí ag Sarah Montgomery agus bhí sí ocht mí go leith ar pháiste eile nuair a maraíodh í.

Níor dearnadh aon iarratas ar bhannaí do Zak Hughes.

Tiocfaidh sé os comhair na cúirte arís faoi cheann 4 seachtainí.