Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Laghdú beag ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in 2024

04 IÚIL 2025, 11:42

54 milliún tonna de gháis ceaptha teasa a sceith Éire in 2024 – tuarascáil nua
X Facebook

54 milliún tonna de gháis ceaptha teasa a sceith Éire anuraidh, ar 2% níos lú é ná an bhliain roimhe sin, a deirtear i dtuarascáil nua ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.

Seo an tríú bliain as a chéile agus an séú bliain déag le 23 bliain a bhí laghdú ar an méid gás ceaptha teasa a sceith an tír seo.

Dúirt Ard-Stiúrthóir na Gníomhaireachta, Laura Burke, áfach, nár leor mar laghdú é 2% – ná baol air – agus thug le fios gur a chúig oiread sin a theastaigh le go gcomhlíonfadh Éire a dualgas dlíthiúil náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le hathrú aeráide.

Rud eile de, níl sé leath chomh maith leis an laghdú de 6.8% a bhí ann in 2023.

Mar léiriú lom ar mhéid na faidhbe, deirtear sa tuarascáil gurb ionann 54 milliún tonna agus deich dtonna in aghaidh gach duine sa tír.

Feirmeacha a sceith 38% den tonnáiste sin; as feithiclí a tháinig 22%; an earnáil fuinnimh a bhí freagrach as 13%; agus as téamh foirgneamh a tháinig an 10% eile.

I dtuarascáil a d'fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil cúig seachtaine ó shin, maíodh nach gcomhlíonfadh Éire a cuid dualgas maidir le hathrú aeráide as seo go 2030, fiú amháin dá gcuirfí plean gnímh an Rialtais i bhfeidhm ina iomláine agus in am.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ