Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ceist na dtaraifí fós idir dhá cheann na meá

04 IÚIL 2025, 12:15

Maroš Šefčovič ar ais sa Bhruiséil
X Facebook

Dúirt Coimisnéir Trádála an Aontais Eorpaigh Maroš Šefčovič nár thángthas ar chomhaontú fós ar cheist na dtaraifí sna comhráite trádála atá ar bun idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe.

Bhí comhráite ag Maroš Šefčovič in Washington an tseachtain seo le triúr ionadaithe sinsearacha ó Rialtas na Stát Aontaithe, agus lena gcuid oifigeach, agus i ráiteas a phostáil sé ar na meáin shóisialta thug sé le fios go raibh sé ag filleadh ar an mBruiséil.

Mhaígh, sé mar sin féin, gur seachtain tháirgiúil oibre a bhí ann agus dúirt go leanfaí de na comhráite gan é.

Ba iad an Rúnaí Trádála Jamieson Greer, an Rúnaí Státchiste Scott Bessent agus an Rúnaí Tráchtála Howard Lutnick ionadaithe na Stát Aontaithe sna comhchainteanna.

Dé Céadaoin seo chugainn – an 9 Iúil – lá an chaighdeáin le teacht ar chomhaontú faoi cheist na dtaraifí.

Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ag bagairt taraifí de 50% a ghearradh ar earraí ón Aontas Eorpach mura dtiocfar ar chomhréiteach.

Go deimhin, thug sé le fios inné go bhféadfadh sé fógra oifigiúil a thabhairt don Aontas Eorpach inniu faoi na taraifí sin.

Fiú má dhéantar margadh, tuigtear go bhfuil an Coimisiún Eorpach ag glacadh leis go ngearrfaidh Trump buntaraifí de 10% ar earraí áirithe agus go mbeifear ag lorg díolúine ar earraí eile, táirigí cógaisíochta ina measc.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ