Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Máthair agus iníon a maraíodh i nDún na nGall ainmnithe

04 IÚIL 2025, 10:29

Ella agus Natalie McLaughlin
X Facebook

Tá an mháthair agus iníon a maraíodh i dtimpiste bóthair i dtuaisceart Chontae Dhún na nGall arú inné ainmnithe anois. Ba iad sin Ella McLaughlin, a bhí sé bliana d'aois, agus a máthair, Natalie McLaughlin, a bhí sna fichidí.

Gortaíodh athair Ella, atá sna tríochaidí, agus a deirfiúr dhá bhliain d'aois, sa tubaiste freisin. Tá cóir leighis á cur ar an mbeirt in ospidéil i nDoire agus i mBéal Feirste ach deirtear nach bhfuil ceachtar acu i mbaol báis.

Deir na Gardaí gur bhuail an gluaisteán ina raibh an ceathrar agus veain faoina chéile ar bhóthar an R240 i nGleann Tóchair i gCarn Domhnach ag thart ar 6.30 tráthnóna Dé Céadaoin.

Bhásaigh Ella ar an mball agus bhásaigh a máthair in Ospidéal an Royal Victoria i mBéal Feirste tráthnóna inné.

Fear óg sna mórdhéaga a bhí ag tiomáint an veain agus tuigtear gur mionghortuithe a bhain dósan.

Láthair na tubaiste i nGleann Tóchair

Tá bóthar an R240 ar cheann de na príomhbhealaí i dtuaisceart Inis Eoghain agus nascann sé an ceantar leis an gcuid eile de Chontae Dhún na nGall.

Oscaíodh an bóthar arís tráthnóna inné tar éis do na Gardaí scrúdú teicniúil a dhéanamh ar láthair na tionóisce.

Is iad na Gardaí i mBun Cranncha atá ag fiosrú na tubaiste agus tá siad ag achainí ar aon duine a bhí sa cheantar ag an am teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánna ó cheamara deaise acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ