Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Comhlacht cluichí ríomhaireachta i nGaillimh le dúnadh

04 IÚIL 2025, 15:10

Chuireadh Romero Games cluichí ríomhaireachta ar fáil i nGaeilge
X Facebook

Táthar an-imníoch go bhfuil an comhlacht cluichí ríomhaireachta, Romero Games, i gcathair na Gaillimhe le dúnadh agus go gcaillfidh an 100 duine atá fostaithe ann a bpostanna.

Seo mar thoradh, a deirtear, ar chiorrú suntasach go domhanda atá ar bun ag an ollchomhlacht Microsoft, ar leo an Xbox.

Tá gearradh siar á dhéanamh ag Microsoft ar an maoiniú ar chluichí Xbox ón earnáil neamhspleách agus is iad leithéidí Romero atá thíos leis.

Lánúin phósta as Meiriceá, John agus Brenda Romero, a bhfuil ardcháil orthu le blianta sa tionscal, is iad a bhunaigh an comhlacht i nGaillimh deich mbliana ó shin.

Bhí an-mheas acu ar imreoirí a bhfuil Gaeilge acu agus é de nós le fada acu leaganacha dá gcuid cluichí ar an Xbox a chur ar fáil i nGaeilge.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ