Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, gearradh téarmaí príosúin idir 13.5 bliain agus 20 bliain ar ochtar fear as an mbaint a bhí acu le hiarracht ar 2.2 milliún tonna de chócaon – luach €157 milliún – a thabhairt isteach sa tír seo.
Ba é an lear drugaí ba mhó de réir meáchain a fuarthas riamh sa Stát é.
Fuarthas na drugaí ar lastlong an MV Matthew tar éis d'fhianóglaigh ón Arm an soitheach a bhordáil agus seilbh a ghabháil uirthi sa Mhuir Cheilteach i mí Mheán Fómhair 2023.
Bhí Gardaí, comhaltaí den tSeirbhís Chabhlaigh agus oifigigh chustaim rannpháirteach sa bheart freisin.
Creidtear gur fhostaigh drong coireachta trasnáisiúnta seisear den ochtar fear in Dubai agus go ndeachaigh siad ina dhiaidh sin go Meirceá Theas faoi choinne na ndrugaí.
Cheannaigh an bheirt fhear eile bád i mBaile Chaisleáin Bhéarra in iarthar Chorcaí le súil na drugaí a thógáil ar láimh ón lastlong.
Cuireadh an gúm ó mhaith, áfach, ó bhí an tSeirbhís Chabhlaigh i gcomhar leis na Gardaí ag coinneáil súil ar an MV Matthew ó tháinig sí i ngar d'Éirinn agus iad in amhras go raibh sí ag iompar drugaí.
Is an t-ochtar a daoradh sa chúirt inniu:
Soheil Jelveh, 51 bliain d'aois, 17.5 bliain príosúin
Cumali Ozgen, 49 bliain d'aois, 20 bliain príosúin
Mykhailo Gavryk, 32 bliain d'aois, 14 bliain príosúin
Harold Estoesta, 31 bliain d'aois, 18 bliain príosúin
Vitaliy Vlasoi, 32 bliain d'aois, 16.5 bliain príosúin
Saeid Hassani, 39 bliain d'aois, 15 bliain príosúin
Jamie Harbron, 31 bliain d'aois, 13.5 bliain príosúin
Vitaliy Lapa, 62 bliain d'aois 14.5 bliain príosúin.
Mhol an chúirt "proifisiúntacht agus cumas" ghníomhaireachtaí slándála an Stáit a bhí bainteach leis an ngabháil drugaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ